Seachtain na Gaeilge
Beidh Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh againn i gColáiste Choill Chluana Gabhann an tseachtain seo, ón Luan an 11ú go dtí an Aoine an 15ú. I measc na himeachtaí a bheidh ar siúl lenár ranganna Gaeilge beidh:
- Tráth na gCeist do ranganna Elements agus Rudiments
- Gearrscánnáin á thaispeáint agus ranganna léitheoireachta sa leabharlann, áit a bhfuil curtha againn lenár mbailiúchán leabhair le déanaí.
- Paidreacha na maidine á chuir i láthair ag daltaí Rhetoric, go príomha trí Ghaeilge.
Chomh maith le sin beidh focail agus nathanna i nGaeilge á thaispeáint ar an scáileán sa chóngar.
Tá súil againn go mbainfidh pobal uilig na scoile, daltaí agus foireann, úsáid as an nGaeilge atá acu.
Beatha teanga í a labhairt.